Sraitheanna Iomána Allianz faoi lánseol:

Le Jamie Ó Tuama

Imríodh clár iomlán cluichí i Sraitheanna Iomána Allianz an deireadh seachtaine seo caite agus bhí go leor buaicphointí agus neart ábhar plé againn ag eascairt astu.

I Roinn 1A den tsraith bhí bua réasúnta compordach ag Luimneach ar an gClár Dé Sathairn. Sé chúilín a bhí idir na foirne sa deireadh agus chríochnaigh an cluiche ar scór 1-27 go dtí 2-18. Thug Mícheál Houlihan an-taispeántas do Luimneach agus chríochnaigh sé le 12 cúilín ar fad, le naoi gcinn acu ó phocanna saora. Bhí Aidan McCarthy go maith don Chlár agus chríochniagh sé le 13 cúilín ar fad, le naoi gcinn ó phocanna saora.

Bhí 11 cúilín le spáráil ag Loch Garman ar an Iarmhí Dé Domhnaigh i bPáirc Chíosóig, TEG. In ainneoin gur chuir na Carmanaigh go leor seansanna amú d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic go réasúnta compordach sa deireadh. Chríochnaigh Ross Banville le 1-03, Conor McDonald le 1-02 agus Lee Chin le 0-05 d’fhoireann Darragh Egan. Bhí Killian Doyle go hiontach don Iarmhí agus chríochnaigh sé an cluiche le 0-09, agus ocht gcinn de phocanna saora ina measc.

Bhí seacht gcúl ar fad sa chluiche eile i Róinn 1A idir Gaillimh agus Corcaigh a imríodh i Staid an Phiarsaigh. Bhí an dá fhoireann ag iarraidh buachaint le fanacht ag barr na sraithe. Ba ag Corcaigh a bhí an lámh in uachtar sa deireadh, áfach, a bhuíochas le 2-03 ó Conor Lehane ach go háirithe.

Fágann sé sin Corcaigh ag barr na sraithe leo féin ar cheithre phointe. Bhí Evan Niland an-éifeachtach do na Gaillimhigh agus chríochnaigh sé an cluiche le 0-11, le hocht gcinn acu ó phocanna saora. Chríochnaigh an cluiche ar scór 4-24 go dtí 3-22 i bhfabhar na gCorcaíoch.

Bhí neart buaicphointí i Roinn 1B den tsraith, freisin. Bhí bua 12 cúilín ag na Déisigh ar Laois Dé Sathairn, cé go raibh foireann Davy Fitzgerald faoi bhrú cuid mhaith den chluiche. Níl fíorinsint an scéil le fáil sa scór deiridh, dar ndóigh. Ní raibh ach cúilín amháin idir na foirne ag leatham. Chríochnaigh Port Láirge go láidir sa cheathrú deireanach mar sin féin, agus bhí an bua tuillte go maith acu sa deireadh.

D’imir Tiobraid Árann in aghaidh Chill Chainnigh Dé Domhnaigh agus d’éirigh leis na Tiobraidigh a gcéad bhua a fháil ar na Cait i bPáirc Uí Nualláin ó 2008 i leith os comhair slua de 10,458. Bhí Jason Forde thar cionn d’fhoireann Liam Cahill agus chríochnaigh sé an lá le 1-15 san iomlán. Bhí na Tiobraidigh níos fearr ná foireann Derek Lyng ar an lá ach, mar sin féin, d’éirigh le Cill Chainnigh fanacht sa chluiche go dtí deireanach go maith sa chluiche. Ní raibh ach ceithre chúilín idir na foirne sa 62ú nóiméad. An scór deiridh: Tiobraid Árann 2-24 Cill Chainnigh 1-21.

Bhí trí chúilín le spáráil ag Áth Cliath ar Aontroim tar éis d’fhoireann Darren Gleeson an cluiche a chríochnú go láidir. D’éirigh leo 1-04 a aimsiú gan aon fhreagra ó fhoireann na príomhchathrach ón 65ú nóiméad ar aghaidh.

Bhí Neil McManus (0-05) agus Keelan Molloy (2-01) go maith d’Aontroim agus bhí Dónal Burke thar cionn don fhoireann baile. Chríochnaigh Burke le 0-10 agus d’aimsigh sé cúig cinn acu ón imirt. An scór deiridh: Áth Cliath 0-28 Aontroim 2-19.

I Roinn 2A de Shraitheanna Iomána Allianz bhí buanna ag Uíbh Fhailí ar Dhoire (0-33 go dtí 1-15), bhí dhá chúilín le spáráil ag Ciarraí ar Cheatharlach (0-18 go dtí 1-13) agus ní raibh ach oiread na fríde le spáráil ag Cill Dara ar an Dún (1-17 go dtí 0-19).

Bhí buanna ag Dún na nGall ar Londain (1-18 go dtí 2-13), ag Cill Mhantáin ar Thír Eoghain (0-15 go dtí 0-12) agus ag an Mí ar Shligeach (0-22 go dtí 1-13) i Roinn 2B.

Bhí buanna ag Muineachán ar Ard Mhacha (bua aon chúilín amháin), ag Lú ar Ros Comáin agus ag Fear Manach ar Mhaigh Eo i Roinn 3A. Bhuaigh an Cabhán ar Warwickshire agus Liatroim ar Lancashire i Roinn 3B.

Tabhair cuairt ar an nasc ANSEO le haghaidh na dtorthaí uilig.