An tAgallamh Mór – Gráinne McElwain, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG 2021-2024:
Le Jamie Ó Tuama
Is í Gráinne McElwain a bhí mar Chathaoirleach ar Choiste Naisiúnta Gaeilge CLG idir 2021 agus 2024 le linn thréimhse Uachtaránachta Labhráis Mhic Carthaigh.
Is fearr aithne ar Ghráinne de bharr a cuid láithreoireachta ar GAAGO agus roimhe sin ar leithéidí Sky Sports, RTÉ agus TG4. Is iomaí rud a d’éirigh le Coiste Náisiúnta Gaeilge CLG a bhaint amach ar son na Gaeilge i gCumann Luthchleas Gael le trí bliana anuas, freisin, faoina stiúir.
Is minic a chuirtear an cheist, ‘céard go díreach a bhíonn ar bun ag Coiste Náisiúnta na Gaeilge?’ agus, mar sin, thapaigh mé an deis suí síos le Gráinne le súil a chaitheamh siar ar a tréimhse mar Chathaoirleach ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge.
Thosaigh mé le fiafraí di cur síos achoimreach a dhéanamh ar an tréimhse sin.
Ceist: Suimigh suas do sheal mar Chathaoirleach Choiste Náisiúnta na Gaeilge i mbeagán focal, a Ghráinne.
Gráinne: Bhain mé an oiread sin suilt as a bheith i mo Chathaoirleach ar Choiste Naisiúnta na Gaeilge. Ba mhór an onóir domsa a bheith mar Chathaoirleach agus thaitin sé go mór liom a bheith ag plé leis an nGaeilge, rud atá an-ghar do mo chroí, agus na bealaí éagsúla gur féidir linn an Ghaeilge a chur chun cinn, a neartú agus a chothú taobh istigh de Chumann Lúthchleas Gael.
Bhí sé iontach. Bhí an oiread sin suilt agam a bheith ag obair le Coiste spraíúil, fuinniúil a raibh an-dúil acu sa Ghaeilge. Thaitin sé go mór liom a bheith ag obair leo agus ag plé na rudaí a d’fhéadfadh muid a chur amach níos mó i mbéal an phobail.
Sin rud a mhothaigh mé ag teacht isteach sa ról. Tá go leor Gaeilge i gCumann Lúthchleas Gael ach, b’fhéidir, nach dtuigeann daoine sa phobal an méid Gaeilge atá ann. Bhí sé deas go raibh muid in ann díriú ar níos mó poiblíochta a dhéanamh ar an nGaeilge.
Ceist: Cén chaoi ar airigh tú nuair a fuair tú an glaoch ó Uachtarán nua Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Carthaigh, agus é ag iarraidh ort a bheith i do Chathaoirleach?
Gráinne: Tháinig sé go hiomlán aniar aduaidh orm! Ní raibh mé ag súil leis ar chor ar bith ach bhí áthas an domhain orm nuair a d’iarr sé orm a bheith i mo Chathaoirleach ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge.
B’in tréimhse an-deacair a bhí ag Labhrás. Caithfidh muid smaoineamh nuair a tháinig sé isteach bhí Covid linn. Bhí go leor ag tarlú ag an am sin. Thóg sé cúpla mí orainn toiseacht mar is ceart mar gheall ar Covid.
Ní raibh muid in ann teacht le chéile ar feadh cúpla mí i ndiaidh an ghlaoigh sin. Bhí sé thart ar mhí Bealtaine nuair a bhí an chéad chruinniú againn. Tháinig muid le chéile aghaidh ar aghaidh don chéad uair i mí Mheán Fómhair nó i mí Dheireadh Fómhair. Mar gheall ar Covid bhí gach duine an-chúramach.
Bhí tréimhse aisteach ag an am sin mar gheall ar Covid ach bhí se go hálainn an scairt a fháil. Bhí mé ríméadach go raibh an post faighte agam agus go raibh mé in ann cur leis an jab mar Chathaoirleach ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge.
Ceist: Cén sort clár oibre a bhí agaibh sna míonna tosaigh de bharr Covid?
Gráinne: Sílim gur rud maith a tháinig amach as Covid ná an próiseas a dhéantar obair. Bhí muid in ann go leor den obair a dhéanamh ar Teams. Bhí muid uilig an-chleachtach le cúrsaí teicneolaíochta. Bhí sé sin an-mhaith.
Bhí muid cinnte in ann a ghabháil ar aghaidh leis an obair agus pleananna a dhéanamh maidir leis na rudaí a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh, rudaí cosúil le Tráth na gCeist nó Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus ‘Lá Mór na Gaeilge’ a phleanáil, Lámhleabhar Fhear/Bhean an Tí agus na Go Games.
Bhí na rudaí sin deacair a eagrú mar ní raibh cinnteacht faoi na dátaí ag an am sin. Bhí muid in ann a bheith ag obair ar Lámhleabhar Fhear/Bhean an Tí do na daoine a bhíonn taobh thiar de na micreafóin agus do na daoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge ag ócaidí móra spóirt, nó, ócáidí ar an stáitse ag imeachtaí agus ag gníomhaíochtaí de chuid an Chumainn.
Thosaigh muid ag pleanáil dó sin, ag cur frásaí agus nathanna cainte le chéile. Bhí sé cineáilín ina rud praiticiúil. Rinne muid go leor oibre ar rudaí mar sin ar Teams. Bhí sé sin iontach sásúil. Tá súil agam go mbeidh sé ina chuidiú agus ina acmhainn mhór ag na clubanna agus ag na conteatha amuigh ansin.
Ceist: Céard iad na príomhspriocanna a leag sibh amach daoibh féin mar Choiste don tréimhse amach romhaibh?
Gráinne: Fuair muid téarmaí tagartha ó Uachtarán CLG ina raibh na rudaí ar mhaith leis féin a chur i bhfeidhm luaite iontu. Ba iad na rudaí a raibh muidne ag díriú orthu agus a raibh muid uilig ar an leathanach céanna fúthu ná an Ghaeilge a chur chun cinn agus níos mó poiblíochta a dhéanamh uirthi. Rud a bhí mé féin i gcónaí ag caint faoi ná ‘normálú’ nó díreach go bhfeicfeadh muid an Ghaeilge níos mó sa ghnáthshaol. Mar sin, bhí go leor cruinnithe againn le daoine difriúla taobh istigh de Chumann Lúthchleas Gael. Bhí cruinnithe againn le leithéidí Foras na Gaeilge, chomh maith.
Caithfidh tú a thuiscint ag an am céanna gur Coiste deonach é seo, fosta, agus go bhfuil gach duine ag feidhmiú go deonach. Caithfidh tú a bheith réalaíoch faoin méid atá tú ábalta a bhaint amach. Ón chéad lá bhí mise ag iarraidh go ndéanfadh muid ár ndícheall tabhairt faoi fheachtas poiblíochta ó thaobh na Gaeilge de, go bhfaighidh muid leithéidí Ambasadóirí na Gaeilge i measc ár gcuid imreoirí le cuidiú linn an Ghaeilge a chur chun cinn.
Rud a bhínn i gcónaí ag rá, fosta, ná nuair a chríochnóidh do théarma tar éis trí bliana go bhfuil tú ag cur ar aghaidh ‘gheansaí na Gaeilge’ chuig an gcéad choiste eile agus í in áit níos fearr agus tá súil agam gur mar sin atá.
Ceist: Is rud rialta anois, ceapachán Ambasadóir na Gaeilge. Caithfidh go bhfuil sé sin ar cheann de na rudaí is mó a bhain an Coiste amach? Cén tábhacht a bhaineann lena lethéid sin de ról?
Gráinne: Bhí sé thar a bheith tábhachtach mar tá Gaeilge ag go leor daoine i gCumann Lúthchleas Gael. An sprioc a bhí ag an gCumann ó bunaíodh é an Ghaeilge, an cultúr Gaelach agus na cluichí a chur chun cinn. Tá sé sin iontach tábhachtach domsa.
Bhí sé iontach tábhachtach Ambasadóir na Gaeilge a bheith againn mar tá go leor peileadóirí agus iománaithe amuigh ansin a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus d’iarr muid orainn féin cén fáth nach bhfuil muid á n-úsáid mar ‘aghaidh an Chumainn’ agus mar ‘aghaidh na Gaeilge’ sa Chumann.
Caithfidh mé a rá, an triúr a bhí againn go dtí seo, is daoine ar leith iad. Tá an-dúil acu sa Ghaeilge agus bhí sé an-deas a bheith ag plé leo. Mhothaigh mé na luachanna atá acu mar dhaoine, gurb iad na luachanna atá ag Cumann Lúthchleas Gael. Tá siad an-umhal mar dhaoine agus tá siad ag iarraidh an méid is mó agus is féidir a dhéanamh agus sáriarracht a bhaint amach maidir le hachan rud ina gcuid saol agus ó thaobh na Gaeilge de. Bhí siad an-cheangailte leis an teanga. Thuig siad ón tús an tábhacht a bhain leis an ról a bhí acu agus aon rud a d’iarr muid orthu bhí siad breá sásta é a dhéanamh.
Guím achan rath ar Sheán O’Shea. Tá a fhios agam go mbeidh sé go hiontach mar Ambasadóir na Gaeilge. Sin an rud a mhothaím. Tá mé an-bhródúil as mar go bhfuil aghaidh againn don Ghaeilge taobh istigh den Chumann – rud nach raibh againn roimhe seo.
Ceist: Tá an oiread imreoirí againn a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Caithfidh gur próiseas deacair a bhí ann Ambasadóir na Gaeilge a roghnú? Céard a deireann sé sin faoin gCumann agus an nasc nádúrtha atá aige leis an nGaeilge?
Gráinne: Deireann sé go bhfuil an Cumann tiomanta don Ghaeilge agus go dtuigeann siad an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge. Tá go leor ag díriú ar na cluichí Gaelacha go príomha agus sin an iomáint agus an pheil. Dar ndóigh, tá an liathróid láimhe agus an corr ann, fosta. Nuair a bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael bhí siad uilig ar comhchéim – an Ghaeilge, an cultúr Gaelach, an rince agus na cluichí Gaelacha.
Mar sin, sílim go dtuigeann Cumann Lúthchleas Gael cé chomh tábhachtach is atá sé go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn. Ní dóigh liom gurb é sin an jab atá ag Cumann Lúthchleas Gael, maoirseacht a dhéanamh ar an nGaeilge taobh amuigh den Chumann nó sa tír ach is féidir leis an gCumann a bheith mar eiseamláir agus a bheith mar cheannródaí agus cinnireacht a léiriú ó thaobh na Gaeilge de.
Sin rud a shíl mise, go raibh daoine ag úsáid na Gaeilge, go raibh sí le feiceáil, go raibh córas dátheangach taobh istigh de Chumann Lúthchleas Gael, go bhfeiceann muid freagraí i gCumann Lúthchleas Gael, go bhfeiceann muid an tUachtarán ag labhairt Gaeilge, an tArd-Stiúrthóir, go bhfuil sí le feiceáil agus go bhfuil sí i ngnáthshaol bhaill an Chumainn. Tá sé sin tábhachtach.
Ceist: Luaigh tú gur tháinig Lámhleabhar Fhear/Bhean an Tí amach as an bpleanáil agus an obair sin le linn Covid.
Gráinne: Tá an leabhrán sin iontach tábhachtach. Bíonn m’athair féin i mbun an mhicreafóin i gCluain Eois go minic roimh na cluichí, cluichí contae agus club. Is cuimhne liomsa go mbíodh sé ag cur ceisteanna ormsa, ‘cén dóigh a ndeir tú seo?’, nó, ‘cén dóigh a ndeir tú siúd?’. Bhínn ag rá liom féin cad chuige nach bhfuil áis mar sin againn, go bhfuil daoine in ann gabháil isteach agus féachaint ar leabhar agus a rá ‘seo an bealach leis sin a rá’, rudaí simplí ar nós fáilte go Páirc Parnell nó fáilte go Cluain Eois, rudaí simplí mar sin ar chóir a bheith ar eolas ag gach duine ach, b’fhéidir, nach bhfuil ar eolas ag daoine.
Bhí muid ag iarraidh go mbeadh nathanna cainte curtha le chéile go simplí, go mbeadh cóip chrua ann do na conteatha ar fad agus go mbeadh cóip ar fáil ar an suíomh idirlín. Is féidir le duine ar bith gabháil isteach agus na téarmaí a fháil a bheadh úsáideach ag ócáid ar bith de chuid Chumann Lúthchleas Gael.
Mar a luaigh mé cheana, tuigeann muid an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge. Tá tú ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil os ard in achan áit agus tugann an leabhrán seo áis do dhaoine chomh maith le deis do dhaoine Gaeilge a úsáid.
Ceist: Ar an bpointe sin, nuair a thagann daoine go Páirc an Chrócaigh bíonn an Ghaeilge le feiceáil ar an scáileán mór. Bíonn sí le léamh sa chlár agus bíonn Jerry Grogan le coisteáil ag Gaeilgeoireacht ina ról mar fhear an tí. Bíonn an Ghaeilge fite fuaite san eispéireas a bhíonn ag daoine ag cluichí i bPáirc an Chrócaigh. Cé chomh tábhachtach atá sé go mbeadh an t-eispéireas céanna le fáil i ngach páirc baile de chuid an Chumainn?
Gráinne: Ba bhreá liom go leathnódh a leithéid amach mar arís, Páirc an Chrócaigh, sin an eiseamláir do dhaoine atá ag teacht, go bhfeicfidh siad an Ghaeilge. Tá sí le feiceáil i go leor áiteanna ar laethanta móra cluichí.
Caithfidh muid a bheith níos fearr ag déanamh poiblíochta ar na rudaí seo. Uaireanta sílim nach gcuireann muid ár ndóthain poiblíochta amach maidir leis an méid atá á dhéanamh againn i leith na Gaeilge. Duine ar bith a bhíonn ag gearán faoin méid atá á dhéanamh ag Cumann Lúthchleas Gael i leith na Gaeilge caitear a rá leo, ‘bheul féach ar an suíomh idirlín, féach ar na hócáidí atá eagraithe againn’. Ní hamháin mise ach na cathaoirligh agus na coistí a thiocfaidh i gcomharbacht orm. Tá súil agam go leanfaidh siad ar aghaidh leis sin agus go gcuirfidh siad leis sin chomh maith. Tá súil agam go dtiocfaidh siadsan suas le smaointí agus le bealaí eile chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Rud a bhí tábhachtach domsa ná go mbeadh poiblíocht ann do ‘Lámhleabhar Fhear/Bhean an Tí’ chomh maith le ‘Leabhrán an Réiteora Óig’. Bhí sé tábhachtach domsa go mbeadh a leithéid ann, go háirithe do thuismitheoirí nach bhfuil mórán Gaeilge acu, daoine sna Gaelscoileanna, múinteoirí, go mbeadh frásaí beaga acu siúd a bhfuil siad in ann a úsáid.
Tá a leithéid tábhachtach do pháistí óga atá ag tosú amach ar an mbóthar sin ag réiteoireacht. Tá a fhios againn ar fad go bhfuil ganntanas mór réiteoirí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu thart agus sin é an smaoineamh a bhí taobh thiar den leabhrán.
Ceist: An chéad ócáid fhoirmeálta a bhí ag an gCoiste ina raibh daoine in ann teacht le chéile tar éis Covid ná seoladh Trasna na dTonnta. Nach tráthúil gurbh é sin an chéad ócáid Ghaeilge a bhí ag Uachtarán CLG, Labhrás Mac Cárthaigh, agus téama idirnáisiúnta ag baint léi?
Gráinne: Bheul, ar an gcéad dul síos, bhí sé álainn teacht le chéile agus a bheith i seomra le daoine arís agus aithne a chur ar dhaoine agus ar aghaidheanna daoine seachas a bheith ag féachaint orthu ar Teams!
Bhí sé sin tábhachtach mar a dúirt tú ansin an tUachtarán Labhrás Mac Carthaigh, go raibh an-dúil aige agus go bhfuil an-bhaint aige leis na cluichí Gaelacha go hidirnáisiúnta agus é lonnaithe i Nua-Eabhrac. Bhí sé deas go raibh muid ag cur feachtais mar sin chun cinn.
Bhí muid ag iarraidh na cainéil éagsúla atá againn a úsáid le caidreamh a dhéanamh idir muid féin agus daoine atá thar lear agus daoine a spreagadh le cibé Gaeilge a bhí acu a úsáid. D’éirigh go maith leis an bhfeachtas. Bhí sé álainn a bheith ag plé leis mar Chathaoirleach.
Ceist: Ócáid eile a d’eagraigh an Coiste ná ‘Lá na nOifigeach Gaeilge’. Cén tábhacht a bhaineann lena leithéid?
Gráinne: Tá sé thar bheith tábhachtach go mbeadh a léithéid ann. Caithfidh muid a bheith ag smaoineamh go bhfuil na daoine atá ag obair leis seo ag obair ar bhonn deonach. Go leor daoine a théann isteach i rólanna club nó contae i gCumann Lúthchlaes Gael mothaíonn siad an-uaigneach agus leo féin.
Ní thuigeann siad go bhfuil tacaíocht ann agus sílim arís go bhfuil sé an-tábhachtach ó thaobh na Gaeilge go dtugann muidne i bPáirc an Chrócaigh an oiread cuidithe agus is féidir dóibh. Ní hamháin go bhfuil tú ag cuidiú leis an duine ach tá tú ag cuidiú leis na daoine atá ag teacht ina ndiaidh.
Is rud mór millteach é sin go bhfuil siad in ann teacht le chéile agus plé a dhéanamh ar na deacrachtaí agus ar na rudaí dearfacha atá ag tarlú ó thaobh na Gaeilge de. Rud a thug muidne faoi deara nuair a d’eagraigh muid an lá sin ná an méid spreagtha a bhí siad ag tabhairt dá chéile.
Ní muidne a bhí ag caint. Bhí siad ag éisteacht leis na feachtais nó, leis na tograí, nó na rudaí éagsúla a bhí ag tarlú taobh istigh dá gcontaetha féin. Bhí na daoine eile ag rá, ‘bhí sé sin iontach maith b’fhéidir go bhféadfadh muidne é sin a dhéanamh’ nó ‘beidh muid in ann sin a dhéanamh, tabhair domsa d’uimhir fóin agus beidh muid ag caint le chéile’.
Ba bhreá liom níos mó de sin a fheiceáil amach anseo, go mbeadh níos mó daoine ag teacht le chéile agus cuidiú lena chéile maidir leis na bealaí is fearr leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Bíonn daoine ann nach bhfuil mórán suime acu sa Ghaeilge ach bíonn daoine eile ann a bhfuil an-suim acu sa Ghaeilge.
Mar sin féin, duine ar bith atá ag teacht, tá siad ag déanamh a ndíchill agus sílim go gcaithfidh muid mar eagraíocht an méid cuidithe a thabhairt dóibh agus is féidir. Caithfidh muid a dhéanamh cinnte go bhfuil áiseanna againn le tabhairt dóibh agus go bhfuil treoir againn le tabhairt dóibh. Tá muid anseo chun cuidiú leo.
Ceist: Ar bhonn cúige agus a bhuíochas d’Fhoras na Gaeilge, tá Oifigeach Forbartha Gaeilge anois againn i gcúige Mumhan le cur leis an Oifigeach Forbartha Gaeilge i gcúige Uladh. Tá dul chun cinn mór millteach déanta acu ina gcuid rólanna. Cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh a leithéid againn sna cúigí eile?
Gráinne: Sílim go bhfuil sé ríthábhachtach oifigigh a fháil sna cúigí sin mar tá sé le feiceáil cá mhéad oibre atá déanta ag Tricia, Niamh agus ag Aedín i gcúige Uladh agus i gcúige Mumhan agus cé chomh tiomanta agus díograiseach ‘is atá siad ó thaobh na Gaeilge de.
Tá tú ag iarraidh cinnirí sna cúigí sin agus go mbeadh siad ag tiomáint na Gaeilge chun cinn. Tá daoine breá sásta cuidiú a thabhairt. Tá daoine breá sásta rudaí a dhéanamh ach tá duine ag teastáil chun an rud sin a thabhairt le chéile.
Níl ach duine amháin i bPáirc an Chrócaigh. Ní féidir leis an duine sin gach rud a dhéanamh. Mar sin, tá sé iontach go bhfuil cuidiú faighte agus go bhfuil muid ag labhairt le chéile, ag roinnt smaointí agus ag obair le chéile. Tá an tacaíocht sin fíorthábhachtach. Tá súil agam, agus buíochas arís d’Fhoras na Gaeilge, go bhfeiceann siad an tábhacht a bhaineann leis seo. Tá súil agam go bhfeicfidh muid oifigigh eile i gcúige Laighean agus i gcúige Chonnacht amach anseo.
Ceist: Thug an Coiste faoi go leor rudaí éasgúla agus d’oibrigh siad i bpáirnéireacht le heagrais eile le hacmhainní agus scéimeanna a fhorbairt. Inis dom faoi sin.
Gráinne: Tá a leithéid ag teastáil go géar. Tá múinteoirí, scoileanna agus aon duine atá ag plé leis an nGaeilge á n-iarraidh fosta. Is breá le páistí agus le daoine na hacmhainní sin a fháil.
Rinne muid go leor leis na heagrais Ghaeilge. Bhí sé sin iontach mar tá dúil acu a bheith ceangailte le Cumann Lúthchleas Gael agus tá dúil againne a bheith ceangailte leo siúd.
Is pobal beag muid i ndáiríre nuair a smaoiníonn tú air. Tá tú ag iarraidh go mbeadh muid ag teacht le chéile agus a bheith ag obair as lámha a chéile chun na hacmhainní is fearr a chur chun cinn agus chun an méid Gaeilge agus is féidir a chur chun cinn. Tá comhoibriú thar a bheith tábhachtach.
Bhí sé iontach a bheith ag plé le Glór na nGael, le Foras na Gaeilge, le Trasna na dTonnta, le Gael Linn agus le go leor eile. Bhí sé deas go raibh cruinnithe againn leo agus le lucht Chomórtas Peile na Gaeltachgta chomh maith. Sin rud eile gur féidir linn a lua, go bhfuil muid ag obair go dlúth lena chéile agus tá sé sin tábhachtach ó thaobh Chumann Lúthchleas Gael agus na Gaeilge de.
Nuair a oibríonn muid go dlúth lena chéile tá muid in ann níos mó a bhaint amach. Mar a deir an seanfhocal, ní neart go cur le chéile.
Ceist: Maidir le Comórtas Peile na Gaeltachta, bhí an-phlé ann idir Choiste Náisiúnta na Gaeilge agus Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta le blianta beaga anuas. Inis dom tuilleadh faoi sin.
Gráinne: Tá an Comórtas an-speisialta do mhuintir na Gaeltachta. Ní as an nGaeltacht mise ach is cuimhin liom a bheith ag plé le cúrsaí spóirt i Nemeton nuair a thosaigh mé amach ar mo thuras mar iriseoir, mar chraoltóir agus mar láithreoir teilifíse cé chomh mór is a bhí an comórtas agus an méid daoine a bhí ag gabháil ann agus a bhí ag iarraidh é a bhaint. Is rud mór é nuair a smaoiníonn tú gur bonn uile-Éireann atá le baint. Taobh amuigh den chlub agus den chontae níl aon chomórtas eile ag Cumann Lúthchleas Gael ina bhfuil tú in ann bonn uile-Éireann a bhaint.
Tá sé sin thar a bheith spéisiúil agus ó thaobh cúrsaí eagrúcháin de tá sé iontach do lucht na Gaelteachta agus do lucht na Gaeilge. Tá sé níos forleithne anois, ní hamháin na foirne Gaeltachta ach foirne le Gaeilge cosúil le Laochra Loch Lao, Na Gaeil Óga agus Gaeil na Gaillimhe. Tá sé iontach, chomh maith, go mbíonn pobal na Gaeilge ag teacht le chéile chun freastal ar an gcomórtas.
Tá sé thar a bheith tábhachtach domsa go pearsanta go mbeidh na mná mar chuid de seo agus arís is rud mór é go bhfuil siad ceangailte leis go háirithe agus muid ag gabháil síos an bóthar anois go mbeidh muid uilig faoin aon bhrat amháin i 2027. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil na mná mar chuid de agus cuirim an oiread sin fáilte roimhe sin.
Bhí sé go maith a bheith ag plé leis na daoine sin. Tá súil agam go mbeidh an chéad Choiste eile ag láidriú an cheangail idir Chomórtas Peile na Gaeltachta agus Choiste Náisiúnta Gaeilge, Cumann Lúthchleas Gael, agus guím gach rath orthu.
Ceist: Bhí seoladh náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta 2023 i bPáirc an Chrócaigh i mí Bealtaine seo caite. Inis dom faoi sin.
Gráinne: Tá sé tábhachtach go mbeadh baint ag Páirc an Chrócaigh leis an gcomórtas mar is comórtas náisiúnta de chuid an Chumainn é. B’fhéidir roimhe seo nach raibh an ceangal chomh mór sin agus ar chóir dó a bheith ach anois tá muid ag obair níos mó as lámha a chéile. Tá sé tábhachtach go mbeadh seoladh i bPáirc an Chrócaigh, mar sin an áit a bhfuil achan imreoir ag iarraidh a bheith.
Tá muid anseo i gCumann Lúthchleas Gael le freastal ar na himreoirí agus tá muid ag déanamh ár ndíchill é a dhéanamh chomh maith agus is féidir linn ar achan bhealach idir riarachán, réiteoireacht, imreoirí nó oifigigh.
Nuair a chonaic muid na himreoirí, na fir agus na mná, ag teacht isteach an lá sin bhí siad chomh sásta agus chomh ríméadach go raibh siad i bPáirc an Chrócaigh agus iad ag fáil pictiúirí ar an taobhlíne. Bhí sé sin thar a bheith deas go raibh an deis acu teacht ann mar gheall ar an Ghaeilge.
Sin an fáth a bhfuil an nasc sin agus an ceangal sin eadrainn uilig, mar gheall ar an Ghaeilge. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil a leithéid sin ann agus go bhfuil Cumann Lúthchleas Gael taobh thiar de na comórtais seo ar fad agus á gcur chun cinn.
Ceist: Is í an Ghaeilge an rud is tábhachtaí faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta. Mar sin féin, tá creimeadh agus brú ar na ceantair Ghaeltachta uilig de bharr thionchar an Bhéarla sa saol ina bhfuil muid ag maireachtáil. Bíonn an tionchar sin le feiceáil ag an gcomórtas. Cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh an Ghaeilge á labhairt acu siúd uilig a bhíonn ag freastal ar an gcomórtas?
Gráinne: Caithfidh an Ghaeilge a bheith láidir ag an Chomórtas. Tá daoine ag teacht ann ag súil le Gaeilge a chluinstin agus, i ndáiríre, tá sé náireach agus an-díomách nuair nach bhfuil daoine ag déanamh aon iarrachta an Ghaeilge a labhairt.
Sílim go bhfuil sé ríthábhachtach go dtuigeann clubanna, go dtuigeann na húdaráis ar fad, nuair atá muid ag eagrú Chomórtas Peile na Gaeltachta gurb í an Ghaeilge an teanga a labhraítear ag na comórtais seo. Muna bhfuil foirne sásta an Ghaeilge a labhairt cad chuige a mbeadh siad ag iarraidh a bheith ann? Tá go leor foirne amuigh ansin a bhfuil Gaeilge tábhachtach dóibh a bheadh thar a bheith sásta teacht agus a bheadh bródúil as a bheith ann.
Bheinnse an-dian air. Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge le cluinstin i ngach gné de chuid an Chomórtais. Chun a bheith féaráilte faoi, nuair a d’eagraigh Naomh Anna Leitir Móir é, Gaeilge ar fad a bhí le cluinstin ann. Tá sé seo amhlaidh faoi go leor clubanna eile a d’óstáil é, dar ndóigh.
Bheinnse ag moladh go mbeadh an nasc sin leis an Ghaeilge chomh láidir agus is féidir mar tá muidne ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Ná géill. Bí muiníneach as an teanga a labhairt agus tabhair cuidiú do dhaoine agus d’fhoirne atá ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt. Tá go leor acu amuigh ansin atá thar a bheith sásta Gaeilge a labhairt agus tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a chluinstin.
Bhí seoladh náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i bPáirc an Chrócaigh i 2023
Bhí seoladh náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i bPáirc an Chrócaigh i 2023
Ceist: Léiríonn an cheist seo an tábhacht a bhaineann le leithéidí ‘Leabhrán an Réiteora Óig’ mar sin. Más é an Béarla teanga chumarsáide an réiteora ag Comórtas Peile na Gaeltachta is é an Béarla teanga na páirce, nach ea?
Gráinne: Ní féidir linne a rá le duine ar bith ‘déan seo’ agus ‘foghlaim sin’. An rud is féidir linne a rá ná seo na hacmhainní atá againne agus le bhur dtoil úsáidigí iad. Tá muidne anseo le tacaíocht a thabhairt do dhaoine. Ní féidir linne mórán níos mó ná sin a dhéanamh. Ní féidir linn gabháil isteach agus iachall a chur ar dhaoine an Ghaeilge a labhairt nó an Ghaeilge a úsáid. Tá muidne anseo le tacaíocht a thabhairt.
Ó thaobh Chomórtas Peile na Gaeltachta de sílim gur chóir go mbeadh muid sách dian faoi sin. Maidir leis na réiteoirí, tá áis anseo do réiteoirí. Seo frásaí gur féidir leo a úsáid agus iad i mbun réiteoireachta. Seo nathanna cainte atá siad in ann a úsáid agus tá siad éasca. Bíodh meas ag daoine ar an teanga agus bímis bródúil aisti. Sin rud a mhothaím. Sin an rud a bheinn ag rá le mo pháistí féin sa Ghaeltacht chomh maith. Bímis bródúil as an áit ar as muid agus as an teanga álainn shaibhir atá againn.
Ceist: 252 club ar fad a bhí cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha anuraidh agus é anois ar cheann de na scéimeanna is mó Gaeilge dá bhfuil ann. Caithfidh go bhfuil tú an-sásta leis an dul chun cinn atá déanta i gcomhar le Glór na nGael le trí bliana anuas?
Gráinne: Luaigh mé bród agus sin rud a mhothaíonn tú i gcónaí nuair atá tú ag ócáidí de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, cé chomh bródúil is atá na clubanna as an Ghaeilge a chur chun cinn.
Tá sé ag méadú achan bhliain ó thaobh an mhéid clubanna atá ag iarraidh páirt a ghlacadh ann. An rud is aoibhinn liom faoi ná go bhfuil leibhéil dhifriúla ann. Ní gá go mbeadh achan rud curtha i gcrích agat in aon bhliain amháin. Is féidir, diaidh ar ndiaidh, rudaí a dhéanamh. Bhí sé go hálainn i gcónaí bualadh le clubanna a bhí tar éis an chéim bheag sin a thógáil agus a bhí sé tar éis feabhsú.
Bíonn daoine ag caint le chéile agus ag foghlaim ag na hócáidí seo ag rá ‘seo an rud is féidir linn a dhéanamh’ nó ‘seo na rudaí gur féidir leatsa a dhéanamh’, ‘seo an chomhairle is féidir liom a thabhairt duit’. Bíonn sé sin an-deas, go háirithe na buaiteoirí boinn óir. Bhíodh siad ag cur comhairle ar chlubanna a bhí ag toiseacht amach maidr leis na céimeanna beaga gur féidir a thógáil le dul go barr an chnoic.
Tá an Fhondúireacht go maith mar tá sé praiticiúil. Tá sé éasca go leor a dhéanamh agus cuireann sé na luachanna atá againn mar Chumann ó thaobh na Gaeilge de i bhfeidhm go mór. Cuidíonn sé le daoine an Ghaeilge a chur chun cinn.
Is scéim iontach é agus tá sé ag gabháil ó neart go neart. Tá cúis leis sin mar tá spéis ag achan duine ann. Tá se thar a bheith tábhachtach go bhfuil Cumann Lúthchleas Gael taobh thiar de mar atá agus ní féidir luach a chur ar an bpáirtnéireacht atá againn le Glór na nGael a bhíonn ag riar na scéime.
Tá muid ag tabhairt an oiread tacaíochta dó mar creideann muid ann agus tuigeann muid cé chomh maith is atá an scéim. Tá sé ainmnithe in ómós d’Iar-Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael a raibh an oiread sin dúile aige féin sa Ghaeilge. Tá sé sin tábhachtach chomh maith.
Ceist: Bíonn ócáid bhronnta na Fondúireachta ar siúl i bPáirc an Chrócaigh gach bliain, rud a thugann stádas ar leith don scéim. Bhí tú féin i láthair ann i mbliana mar bhean an tí agus thar ceann Choiste Náisiúnta na Gaeilge. Cén chaoi a raibh sé sin?
Gráinne: Thaitin sé go mór liom. Is aoibhinn liom oícheanta mar sin. Tugann sé spreagadh duit as an méid atá á dhéanamh ag clubanna agus mothaíonn tú go bhfuil sé iontach agus go bhfuil muid ag gabháil sa treo ceart. Tá luach againne ar ár gcuid oibre chomh maith. Tá clubanna ag úsáid na Gaeilge agus tá siad á húsáid taobh istigh de Chumann Lúthchleas Gael.
Mar bhean tí bhí sé iontach mar is aoibhinn liom labhairt le daoine agus is aoibhinn liom a fháil amach na cúiseanna atá ag daoine na rudaí seo a dhéanamh. Bíonn sé i gcónaí álainn mar oíche. Cuirtear an oiread sin oibre isteach sa Ghaeilge. Bíonn gach duine ag obair go deonach agus cuireann siad go leor oibre isteach ann. Ní bhíonn siad ag súil le haon rud ar ais uaidh.
Bhí sé álainn go bhfuair siad boinn agus bhí siad uilig chomh bródúil as. Tá siad in ann gabháil ar ais chuig an gclub agus an bonn a chur sa chófra nó san fháiltiú nó áit éigin. Bhí sé álainn. Oíche álainn a bhí ann.
Ceist: Rud mór dearfach a bhí ar chlár ama an Choiste ná na GAAgaeilge Go Games i bPáirc an Chrócaigh. Eagraíodh Go Games peile agus iomána le linn thréimhse an Coiste.
Gráinne: Laethanta speisialta a bhí iontu. Tháinig na céadta páiste agus bhí go leor leor ag iarraidh páirt a ghlacadh sna Go Games. Bhí sé deas go raibh Ambasadóirí na Gaeilge i láthair ar an da lá sin, fosta – Paul Conroy agus ansin Paul Flanagan. Bhí siad breá sásta labhairt leis na páistí agus sásta scileanna a thaispeáint dóibh. Bhí siad ag stopadh le haghaidh grainghraf agus pictiúirí.
Bhí sé deas an méid sin Gaeilge a chluinstin i bPáirc an Chrócaigh. Bhí sé go hálainn go raibh na páistí in ann teacht le Páirc an Chrócaigh a fheiceáil. Lá iontach a bhí ann agus tá sé an-tábhachtach go mbeadh muid mar Chumann Lúthchleas Gael ag tabhairt seans do pháistí teacht agus imirt ann.
Ceist: Is cuimhin liom Paul Flanagan ag meascadh leis na páistí anuraidh. Ag pointe amháin bhí sé ag déanamh réiteoireachta ar na cluichí!
Gráinne: Bhí an dá Paul iontach. Bhí siad ag iarraidh an méid agus is féidir a dhéanamh. Bheadh a fhios agat leis na hAmbasadóirí uilig a bhí againn go dtí seo gur múinteoirí scoile a bhí iontu. Tá siad cleachtaithe le páistí. Tá siad cleachtaithe le bheith ag déileáil le daoine óga. Bhí siad thar barr ar fad ag déileáil leis na páistí.
Ceist: Tháinig borradh faoi chomórtas náisiúnta Thráth na gCeist tar éis Covid.
Gráinne: Bhí sé an-mhaith. Sin rud a mbímse i gcónaí ag smaointiú faoi Chumann Lúthchleas Gael, tá áit dúinn uilig ann. Tá daoine ann nach iománaithe nó peileadóirí iad ach a bhfuil an-dúil acu a bheith páirteach ina gclubanna. Tá suim ag daoine áirithe i dtráth na gceist agus bhí sé sin le feiceáil sna babhtaí ceannais a d’eagraigh muid. Bhí siad breá sásta a bheith i láthair lena gcuid Gaeilge a úsáid.
Chomh maith leis sin, tá muid ag iarraidh a chur in iúl do na clubanna ar fad, gur seo rud don Ghaeilge. Seo seans do dhaoine an Ghaeilge a úsáid. Rud é seo a d’fhéadfadh leis na hoifigigh Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid clubanna, fosta, mar tá daoine in achan chlub a bhfuil Gaeilge acu. Tá daoine in achan chlub a bheadh sásta páirt a ghlacadh i dtráth na gceist. Tugann sé ardán do dhaoine teacht agus a bheith ceangailte le Cumann Lúthchleas Gael agus leis an Ghaeilge ag an am céanna.
Ceist: D’oibrigh an Coiste go dlúth le rannóg cumarsáide Chumann Lúthchleas Gael. Tugadh deis don Choiste teachtaireacht leanúnach Ghaeilge a chur amach. Tá leithéidí Cuaille ann, podchraoltaí i gcomhar leis an Spota Dubh, gníomhaíocht laethúil Ghaeilge ar mheáin shóisiatlta an Chumainn. Cé chomh tábhachtach is atá sé sin?
Gráinne: Tá sé an-tábhachtach go bhfuil an Ghaeilge feiceálach mar seo teanga bheo agus, má tá sí beo, caithfidh tú a bheith in ann í a fheiceáil. Caithfidh tú a bheith in ann í a labhairt agus caithfidh gach duine, beag beann ar chumas Gaeilge, í a fheiceáil.
Caithfidh mé a rá mar Chathaoirleach go bhfuair mé an oiread sin tacaíochta ó achan rannóg taobh istigh de Chumann Lúthchleas Gael, go háirithe ón Rannóg Cumarsáide. Tuigeann siad féin an luach a bhaineann leis an Ghaeilge agus bhí siad breá sásta aon smaointí a bhí againn a phlé.
Tá sé tábhachtach do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir na Gaeilge go bhfeiceann siad go bhfuil spéis ag Cumann Lúthchleas Gael sa teanga agus, mar atá luaite agam cúpla uair anois, sin sprioc a bhí ag Cumann Lúthchleas Gael nuair a bunaíodh é in 1884. Tá sé iontach anois go bhfeiceann muid go bhfuil an sprioc sin fós ann.
Tá go leor ar bun againn ach fós tá obair le déanamh againn. Níl aon duine ag rá go bhfuil sé seo foirfe. Níl, ach tá muid ag déanamh ár seacht ndíchill achan bhliain cur leis an méid Gaeilge atá le feiceáil agus atá in úsáid i gCumann Lúthchleas Gael.
Ceist: Tá réimse an-leathan oibre i gCumann Lúthchleas Gael. Cé go ndéanann muid ár ndícheall a chinntiú go bhfuil gné den Ghaeilge le feiceáil i ngach réimse d’obair an Chumainn bíonn sé an-dúshlánach tabhairt faoina leithéid. Céard iad na príomhspriocanna ar chóir a bheith ag an gcéad Choiste Náisiúnta Gaeilge eile dar leat?
Gráinne: Cúrsaí poiblíochta is dócha agus an Ghaeilge a bheith in úsáid chomh minic agus is féidir i rudaí ar nós Chumann na mBunscoil, aon rud atá ag déileáil le páistí. Tá páistí ag úsáid Gaeilge go laethúil. Cuirimis a leithéid sin chun cinn. Tá sé sin iontach tábhachtach.
Tá sé iontach tábhachtach go bhfeicfeadh daoine go bhfuil muid ag feidhmiú mar eagraíocht trí Ghaeilge chomh maith le bheith ag feidhmiú trí Bhéarla. Déantar iarracht a chinntiú go bhfuil gné den Ghaeilge le feiceáil i ngach rannóg de chuid an Chumainn.
Ar bhonn pearsanta ba mhaith liom níos mó Gaeilge a fheiceáil ar na meáin Bhéarla. Rinne muid ár seacht ndícheall a chinntiú go mbeadh níos mó Gaeilge le cluinstin agus le feiceáil orthu ach, ar an drochuair, níor tharla sé sin chomh maith agus a bhí muid ag iarraidh.
Sin rud ar mhaith liomsa a fheiceáil, go mbeadh CLG ag rá lenár bpáirtnéirí ar fad go gcaithfidh an Ghaeilge a bheith mar chuid den phacáiste atá acu, go n-úsáidfeadh siad an Ghaeilge agus ní bheadh mórán i gceist mar atá ráite agam cheana. ‘Comhghairdeas’, ‘fáilte’, ‘go raibh maith agat’, ‘labhróidh muid anois le laoch na himeartha’. Tá na frásaí agus na focail sin éasca. Bheadh lucht Choiste Náisiúnta na Gaeilge thar a bheith sásta aon chuidiú a thabhairt do na meáin Bhéarla le tabhairt faoina leithéid. Sin rud ar bhreá liomsa a fheiceáil.
Rinne muid ár ndícheall. Tá súil agam, b’fhéidir an chéad choiste eile, dá mbeadh spéis acu gabháil síos an bóthar sin go bhfaigheadh muid níos mó feiceálachta sna meáin Bhéarla maidir leis an Ghaeilge.
Ceist: An cheist dheireanach uaimse! Cad iad na trí bhuaicphointe is mó ó thréimhse an Choiste.
Gráinne: D’éirigh linn ról Ambasadóir na Gaeilge a chruthú. A bheith ag plé le daoine spraíúla agus fuinniúla maidir leis an Ghaeilge agus ag bualadh le pobail spreagúla. Lámhleabhar Fhear/Bhean an Tí. Thaitin Lá Idirnáisiúnta na mBan liom nuair a bhí an painéal plé againn. Bhí sé sin go hálainn. Bhain mé sult as achan chuid den ról a bhí agamsa.
Caithfidh mé Comórtas Peile na Gaeltachta a lua. D’éirigh linn níos mó de cheangal a chruthú leo. Bhí sé iontach bualadh le lucht an Choiste agus le hAedín, Niamh agus le Tricia a bhíonn ag plé ó lá go lá leis an Ghaeilge. Ag bualadh le daoine le cur in iúl dóibh go bhfuil i bhfad níos mó á dhéanamh ag CLG i leith na Gaeilge ná mar a shíltear.
GAA.ie: Tá cuid den chlár oibre a chuir Coiste Náisiúnta Gaeilge CLG i gcrích luaite ag Gráinne thuas. I measc na bpríomhrudaí eile a bhí ar bun ag an gCoiste agus ag rannóga éagsúla de chuid an Chumainn le roinnt blianta anuas bhí cur chun cinn na Gaeilge ag Scór, fás Cheannairí don Todhchaí, acmhainní Gaeilge a fhorbairt, ceardlanna Gaeilge ag Fóram Óige an Chumainn, foilseacháin Ghaeilge, ailt Ghaeilge i nuachtlitreacha an Chumainn, Gaeilge Ghasta ar mhórlaethanta cluichí, forbairt Rannóg Ghaeilge GAA.ie agus, dar ndóigh, gradaim aitheantais Ghaeilge de chuid an Chumainn – Gradaim an Uachtaráin agus Gradaim Mhic Con Mídhe.
Tá tuilleadh eolais faoi obair Ghaeilge Chumann Lúthchleas Gael le fáil AN