Respect for the National Anthem – Meas ar an Amhrán Náisiúnta:
Etiquette for when Amhrán na bhFiann is being played at our games / Nósmhaireachtaí agus Amhrán na bhFiann á chasadh ag ár gcluichí
Understanding, Respect and Unity
When we sing our national anthem before we play our national games, we take pride in our unique identity and the culture that has been entrusted to us.
We all have a duty to honour that tradition and to set an example for others and for future generations to always give our anthem at our games the respect it deserves.
During Amhrán na bhFiann
Stand and face the Irish flag
Remove all head wear
Stand with hands by our side
Remain until the last note has been sung
Tuiscint, Meas agus Cur le Chéile
Nuair a chanann muid ár n-amhrán náisiúnta roimh ár gcluichí náisiúnta, léiríonn muid bród san fhéiniúlacht agus sa chultúr speisialta a cuireadh faoinár gcúram.
Tá dualgas orainn uilig onóir a thabhairt don traidisiún sin agus le sampla a thabhairt do dhaoine eile, agus do na glúnta atá le teacht, leis an ómós cuí a thabhairt dár n-amhrán náisiúnta i gcónaí ag ár gcluichí.
Le linn Amhrán na bhFiann
Seas agus féach i dtreo bhratach na hÉireann
Ná bíodh aon rud á chaitheamh agat ar do chloigeann
Seas le do lámha ag do thaobhanna
Fan i do sheasamh go mbeidh an nóta deireanach canta
Amhrán na bhFiann
Fonn/Tune: cumtha ag Peadar Ó Ceithearnaigh agus ag Pádraig Ó hÉanaigh
Liricí/Lyrics: cumtha ag Peadar Ó Ceithearnaigh agus aistrithe go Gaeilge ag Liam Ó Rinn
Sinne Fianna Fáil,
atá faoi gheall ag Éirinn,
Buíon dár slua
thar toinn do ráinig chugainn.
Faoi mhóid bheith saor
Seantír ár sinsear feasta,
Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráill.
Anocht a théam sa bhearna bhaoil
Le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil
Le gunna scréach, faoi lámhach na bpiléar,
Seo libh canaig’ Amhrán na bhFiann.