‘Tús maith, leath na hOibre’:

ó Dr. Daithí Mac Fhlaithimh

Tús maith, leath na hoibre.

Ní haon bhréag an seanfhocal céanna agus an obair atá déanta ar chúrsaí iomána le cúpla bliain anuas i gContae Shligigh. Níltear mórtasach, ach an oiread, as a rá go bhfuil forbairt as cuimse tagtha ar fhoirne óga Dhúiche Yeats, ó ghrád faoi 14 aníos go dtí Painéal Chomórtas na gCeilteach 2017.

Tharla éacht i 2016, gan amhras, nuair a bhain foireann faoi 17 an Chontae na babhtaí ceannais amach, go dtí go bhfuair Contae an Dúin an lámh in uachtar orthu. Ba mhór i mbéal phobail iomána na tíre a bhí Sligeach mar gheall ar an mhórchéim seo a ghlac siad, dul chun cinn a bhain stangadh as go leor dóibh siúd ó na contaetha ‘traidisiúnta’ iomána, féadaim a rá. Níl aon cheacht gan foghlaim aisti, áfach, agus ní leor éachtanna mar sin níos mó do lucht leanta Shligigh.

Tá, anois, bunchloch tógtha leis an dea-obair a rinne Breandán Ó Cionnaith le hiománaithe óga na bliana seo caite do na foirne óga amach anseo. Táid ann sa Chontae atá ag dréim le rudaí níos mó a bhaint amach arís eile an séasúr nua Craoibhe seo. Cad chuige nach mbeadh? Gan dímheas a léiriú d’aon fhoireann ar bhuail Sligeach anuraidh iad, tá dúshlán níos mó rompu arís i mbliana agus leithéidí Gaillimh, Cill Dara agus Ros Comáin i nGrúpa G leo. Beidh caighdeán níos fearr ag teastáil arís ó imreoirí cheantar Bhinn Ghulbain má táthar leis na babhtaí ceannais a bhaint amach an athuair.

Tá an dúshlán sin tugtha faoi cheana féin, ar ndóigh. Múineadh ceacht maith iomána do ghasúraí Shligigh sa chéad bhabhta i mbliana agus Fir Treibhe na Gaillimhe mar a gcéile comhraic. Ba díomách an toradh sa chluiche sin ach tuigeadh do na himreoirí óga seo go raibh siad ag feidhmiú anois ag leibhéal níos airde ó thaobh an chaighdeáin de.

Sheas an ceacht sin dóibh sa dara babhta nuair a cuireadh taispeántas de shárscileanna iománaíochta ar fáil agus iad ag imirt in éadan Chill Dara 2. Ba láidir iomaíoch iad Cill Dara 2, cúpla imreoir acu a threiseodh le haon fhoireann idirchontae, ach ní raibh iontu ar an lá dúshlán Shligigh a shárú.

Cad anois atá i ndán do Shligeach? Is mór an bua sin dóibh thaire Chontae Chill Dara. Is iad Dún na nGall a sheasann mar bhac ar an bhealach mhór go dtí na babhtaí ceannais. Tuigtear go maith nach aon chluiche éasca a bheas ann ach is faoi na himreoirí anois leanstan leis an dúthracht agus leis an díogras a léirigh siad i mbabhta a dó agus tógáilt air sin. Creidim mar bhainisteoir go ndéanfar sin.

Ní rún ar bith i measc phobal CLG na tíre cuid de na fadhbanna a bhain le bainistíocht na Foirne Sinsirí i Sligeach i mbliana. Tá cuid acu ann a deir go mbeidh a rian sin fágtha ar iarrachtaí na Sinsireach Corn Lory Meagher a bhaint i 2017. Beidh le feiceáil! In ainneoin na ndeacrachtaí sin, tugann dul chun cinn na n-imreoirí faoi 17 spreagadh agus muinín go fóill don phobal bheag iomána s’againne anseo i Sligeach agus ligtear i ndearmad na fadhbanna eile sin ar feadh tamaill. Toradh ár saothair agus dóchas ár dtodhchaí.

Go mba fada buan ár n-imreoirí óga!

Is Bainisteoir Foireann Iomána Shligigh faoi 17 é an Dr. Daithí Mac Fhlaithimh i gComórtas na gCeilteach 2017 – léigh níos mo faoin gcomórtas anseo.