Seachtain na Gaeilge 2015 i Músaem CLG:

CrokePark_general_view2014

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2015 eagrófar turas faoi leith ar an Staid i bPáirc an Chrócaigh agus iar-chaptaein caithréimeach na Gaillimhe Joe Connolly mar threoraí . Sí an Ghaeilge a labhairfear.
Ba ar Joe Connolly a bronnadh Corn Mhic Carthaigh ar chéimeanna Árdáin Uí Ogáin i 1980, bliain a mhairfidh go deo na ndeor i gcuimhne mhuintir na Gaillimhe. De bhunú an Chaisleáin Gheairr, bhí áit bhuan ag Joe ar fhoireann a chontae idir 1976 agus 1984. Bhí sé ar an bhfoireann a chlis in aghaidh Chill Chainnigh i gCluiche Ceannais 1979 agus ceapadh ina chaptaen é an bhliain dar gcionn. Ba iad Gaillimh agus Luimneach a bhain amach an cluiche ceannais an bhliain sin agus thug fir an Iarthair an chraobh leo don chéad uair ó 1923.
Riamh roimhe ná ina dhiaidh, níor facthas a leithéid de cheiliúradh i bPáirc an Chrócaigh agus thóg sé os cionn 10 nóiméad ar an gConghaileach láthair an bhronnta a bhaint amach, áit a raibh an Corn agus an tUachtarán ag fanacht leis. Ansiúd thug Joe ceann de na hóráidí is cáiliúla i stair Chumann Lúthchleas Gael.
Ag turais speisialta den chineál seo bíonn eis ag daoine éisteacht leis na scéalta agus leis na cuimhní-cinn atá tugtha leo ag na himreoirí a bhí sáite i mór-ócáidí an Chumainn – cuid de na laochra peile agus iomána is mó dá raibh riamh ann le n-áireamh orthu siúd.
Beidh Turas na Laochra i gCuideachta Joe Connolly ar siúl ar an Satharn an 14ú Márta ag meánlae. Beidh cuairt ar Mhúsaem CLG ar chuid den turas – ansiúd, tá feiceáil ar thaispeáintais go leor, ina measc Corn Mhic Carthaigh a bronnadh i 1921 agus Corn Mhic Guidhir a bronnadh seacht mbliana dar gcionn. Faoi láthair freisin tá feiceáil ar an taispeántas sealadach Liathróidí Fionnaidh – Iarsmaí Ársa na hIománaíochta, átá ar iasacht ó Ard-Mhúsaem na hÉireann go dtí mí an Mheithimh seo chugainn .
Reachtáilfear turais threoraithe i nGaeilge ar Staid Pháirc an Chrócaigh freisin ar an Satharn 7ú Márta agus ar an Satharn an 14ú Márta ag 11.30