Colun: Thar Teorainn Isteach:

Tipperary v Galway - GAA Hurling All-Ireland Senior Championship Round 1le Pádraic Ó Ciardha (Tuairisc.ie)
“Is cinnte go bhfuil mion-scrúdú déanta ag Éamon O’Shea agus ag Anthony Cunningham ar a gcéilí comhraic.”
Sa lá atá inniu ann níl aon teora leis an réamh-obair a bhíonn déanta ag bainisteoirí agus iad ag cur eolais ar na foirne atá le n-imirt acu. Dá bharr sin agus Tiobraid Árann ag tabhairt aghaidh ar Ghaillimh i gcluiche leathcheannais na hÉireann an Domhnach seo, is cinnte go bhfuil mion-scrúdú déanta ag Éamon O’Shea agus ag Anthony Cunningham ar a gcéilí comhraic.
Glac leis mar sin gur beag nach bhfuil ar eolas ag O’Shea faoi gcontúirt a bhaineann le himreoirí an Iarthair, go háirithe a lántósach oillte, Joe Canning.
Ach, aisteach go leor, seans gur níos mó eolais fós atá ag O’Shea ar lánchúlaí na Gaillimhe, John Hanbury ná atá aige ar an lántosach. An chúis atá leis sin go raibh Éamon ar fhoireann bhainistíochta Rathún-An Caisleán Nua nuair a bhuaigh siadsan Craobh Faoi-21 B na Gaillimhe i 2013 – Hanbury ag imirt dóibh mar a bhí mac Éamoinn, Conor O’ Shea.
Dar ndóigh, is i gCathair na dTreabh atá bainisteoir Thiobraid Árann ina chónaí faoi láthair, nasc amháin eile i stair na hiománaíochta a cheanglaíonn an dá chontae a thabharfaidh aghaidh ar a chéile Dé Domhnaigh.
Chaith John McIntyre trí bhliain mar bhainisteoir ar na Gaillimhigh idir 2008 agus 2011, sular tháinig Anthony Cunningham i gceannas. I Lortha, trasna na Sionainne ó Phort Omna, a tógadh McIntyre, a d’imir do Thiobraid Árann sna hochtóidí.
Scór go leith bliain roimh réim McIntyre, chaith Tiobradach eile, Michael ‘Babs’ Keating seal mar bhainisteoir ar Ghaillimh ag deireadh na 70idí.
Ar dhuine de na himreoirí nua ar thug Keating deis dó le linn a chuid ama i nGaillimh bhí an cúl báire Séamus Shinnors. Rugadh Shinnors sa Phort Nua i dTiobraid Árann agus bhuaigh sé Corn Mhic Artaigh i 1964 le Scoil na mBráithre i gcathair Luimnigh agus ‘Babs’ agus Éamonn Cregan ag imirt taobh leis.
Nuair a thosaigh Shinnors amach ag imirt leis an gcontae inar saolaíodh é bhí an-chuid rath air in aghaidh na Gaillimhe, dream a bhí ag imirt i gCraobh na Mumhan ag an am. Ba i gcoinne na Gaillimhigh a bhuaigh sé craobh Faoi-21 an chúige i 1965 agus an chraobh Idirmheánach an bliain dár gcion, é ag imirt thar barr do Thiobraid Árann sa dhá chluiche de réir na dtuairiscí.
D’imir an cúl báire d’fhoireann sinsir Thiobraid Árann i lár na 70idí sular thug sé a dhílseacht do Ghaillimh, ach, faraor dó , is mar gheall ar an méid a tharla i gcluiche ceannais na hÉireann 1979 agus é ag imirt i ngeansaí na Gaillimhe is mó a chuimhnítear air sa chontae sin anois.
Is i gcoinne Chill Chainnigh a bhí Gaillimh an lá sin agus cé go raibh siad ag déanamh go maith sa chéad leath, bhí 11 d’iarrachtaí curtha amú acu . Ansin, cheithre nóiméad roimh leath ama, sheol Liam ‘Chunky’ O’Brien buille ’65 i dtreo na bpóstaí. Níor éirigh le O’Brien an sliotar a bhualadh i gceart, ach, tar éis di a bealach a dhéanamh tríd an slua a bhí os comhair an chúl báire amach, sciorr an sliotar ar an dromchla fliuch. Chuir an phreab Shinnors amú, bhuail sí faoina ghualainn agus isteach léi san eangach.
In olcas a chuaigh cúrsaí sa dara leath. Gan ach trí nóiméad fágtha sa chluiche, chuir Mick Brennan iarracht mhór fhada isteach i dtreo Shinnors. Agus é ag rith ar tuathal, rinne an cúl báire iarracht breith ar an sliotar ach theip air agus bhí cúl bog eile aimsithe ag na Cait.
Fiú le botúin Shinnors, bhí na deiseanna ag Gaillimh an cluiche a bhuachan. Chuir siad scata iarrachtaí amú sa dara leath freisin – poc éirice ina measc, ach fós ba iad botúin an bháireora ba mhó a d’fhan i gcuimhne an lucht leanta.
Nádúrtha go leor, ghoill an méid a tharla níos mó ar Shinnors ná a ghoill sé ar aon imreoir eile. Agus é ag caint faoin gcluiche scór bliain ina dhiaidh, dúirt sé. “Ar feadh na 15 bliain a lean , smaoinigh mé faoi na cúil sin chuile lá. Don chúig bhliain ina dhiaidh sin arís, ba chuile dara lá a bhí ann…Thabharfainn mo dhá lámh chun an cluiche sin a bhuachan do mo chontae, mo chlann agus mo chairde,” a deir Shinnors agus é ag labhairt le RTÉ i 1999.
Is mór idir scéal Séamus Shinnors bocht agus cúl báire a chuaigh an bealach eile, ó Gaillimh chuig Tiobraid Árann.
Ar an Mullach in oirdheisceart na Gaillimhe a rugadh Tony Reddin i 1919. Ar nós Shinnors, chaith Reddin seal agus é ag iarraidh áit a bhaint amach ar fhoireann a chontae dúchais agus bhí sé beagnach 30 bliain d’aois faoin am ar aistrigh sé agus ar thosaigh sé ag imirt le Tiobraid Árann i 1948.
Taobh istigh 18 mhí, bhí Bonn Uile Éirinn buaite aige lena chontae nua agus ról lárnach ag Reddin ar an fhoireann cáiliúil sin a chuaigh ar aghaidh agus a bhuaigh Craobh na hÉireann trí bhliain as a chéile idir 1949 agus 1951. Chomh maith leo sin, chríochnaigh Reddin le 6 bhonn sraithe.
30 bliain tar éis dó éirí as an imirt, ainmníodh Tony Reddin mar chúl báire ar Fhoireann an Chéid i 1984, spota a choinnigh sé ar Fhoireann na Mílaoise chomh maith.