Colun: Cartai Cuil:

Le Mártan Ó Ciardha

Cuireann sé iontas i gconaí orm chomh mór agus a bhíonn daoine faoi thionchar na gcluichí is deireanaí átá imeartha ag foirne agus iad ag meas céard a thitfidh amach i gcoimhlint mhór an deireadh seachtaine – dála athimirt Chluiche Ceannais na hIomána ar an Satharn. Tá mé féin chomh ciontach le cách agus mar is léir ó bhlianta fada a bheith caite agam ag léamh na nuachtán agus ag éisteacht leis na saineolaithe teilifíse agus raidió, tá siadsan freisin ar aon dul leo siúd a chuireann a lámha ina bpóca le híoc isteach ag cluichí – in intinn mórán gach duine is é an cluiche is úire sa chuimhne an ceann is mó a dtugtar aird air.

Sin an fáth go raibh bua Dhún na nGall ar Áth Cliath sa chluiche leathcheannais peile go mór ina n-intinn siúd a mheas gurbh iad na Conallaigh a thabharfadh an chraobh leo Dé Domhnaigh seo caite. Mar an gcéadnna dóibh siúd (mea culpa, arís) nár thug aon seans do Thiobraid Árann in aghaidh Chorcaigh sa chluiche leathcheannais iomána cúig seachtaine ó shin. Sa chás áirithe sin, táim cinnte go raibh mo bhreithiúnas féin bunaithe ar na prionsabail chéanna a bhí ag na daoine a bhí ar aon intinn liom. Bhí ár dtuairimí chomh mór sin faoi anáil meatacht Áth Cliath sa bhabhta ceathrú ceannais agus teip Thiobraid Árann sna nóiméid dheireanacha in aghaidh Luimnigh go ndearna muid dearmad ar an gcaoi ar éirigh foireann Éamoinn Uí Shé ó mhairbh in aghaidh na Gaillimhe agus ar chuireadar scór mór ar an gclár ina dhiaidh sin, cé go mba in aghaidh foireann as Uibh Fhailí nach raibh thar mholadh beirte a déanadh sin.

Cén slat-tomhais is cirte a leagan síos ar fhiúntas Chill Chainnigh? Le fírinne, ó theacht na Mílaoise bhí siad chomh mór sin chun cinn ar fhoirne eile agus nach raibh déanamh ach seasamh siar agus sult agus sásamh a bhaint as a gcumas. Ní bhíonn saoi gan locht, a deir an seanfhocal agus díreach mar a tháinig suan ar an bhfile Homer, bhí tráthanna ann nuair a baineadh preab as an bhfoireann iomána is fearr a chonaic mise riamh – i gcluiche ceathrú ceannais na bliana seo caite in aghaidh Chorcaigh i nDúrlas, cuir i gcás, i gCluiche Ceannais na hÉireann 2010 inar imir siad féin agus Tiobraid Árann a chéile freisin agus sa bhabhta leathcheannais 2005 in aghaidh na Gaillimhe.

Ach, gach uair acu sin bhí Corn Liam Mhic Cárthaigh ar ais i seilbh Chill Chainnigh in imeacht bliana. Faoin tráth seo, ní ar an cluiche is deireanaí atá imeartha a mheasann tú fiúntas na gCat, ar an gceann roimhe sin ná ar an gceann roimhe sin arís. Siad Cill Chainnigh a thugann fios a ngnóthaí do na foirne eile agus fiú má buaitear orthu ar an Satharn, beidh tamall fada eile ann sula mbainfear úsáid as an tslat-tomhais chéanna agus daoine ag cur iománaithe Chill Chainnigh agus foirne eile i gcomparáid lena chéile.

Agus cé a bhuafaidh? Sa chás seo is ar éigin a bheadh duine blas níos críonna as féachtaint ar an gcluiche comhscóir idir na foirne arís agus arís eile go mbeadh tú sramshúileach. Thit an oiread sin amach eatarthu ar an gcéad Domhnach den mhí seo gur deacair, anois féin, aon adhmad a bhaint as. Na bratacha ardaithe caoga agus a ceathair uair, gan ach 9 seans scórála curtha amú idir an dá fhoireann (trí ag Tiobraid Árann), ar chomhbhuille seacht n-uaire, dhá bhuille éirice blocáilte, ‘Súil an tSeabhaic’ ag deimhniú na hathimeartha agus thar rud ar bith eile coimhlintí milltineacha i ngach áit dár fhéach tú. Riamh roimhe ní fhaca mé cluiche ina bhféadfaí an gradam ‘Laoch na hImeartha’ a bhronnadh ar aon imreoir a bhí ar an bpáirc.

An bhliain seo caite agus an bhliain roimhe ba bheirt iománaithe óga nach raibh ag imirt beag ná mór sna cluichí comhscóir a las tine faoi na hathimirtí. N’fheadar an mbeidh aon chárta cúil de dhéanamh Walter Walsh nó Shane O’ Donnell ag bainsteoirí an tSathairn, ach faoin am a séidfidh Brian Gavin an fheadóg dheireanach is cinnte go mbeidh gan ceann atá acu curtha amach ar a mbosa acu.

Chuala tú riamh é nach minic a bhíonn athimrití chomh maith leis an gcomhscór agus sa chás seo is ar éigin gur féidir a bheith ag súil go mbeidh. Má bhíonn sé fiú leath chomh maith leis, sásóidh sin mise.