Ceithre Corn Allianz le buachaint!

http://https://www.youtube.com/watch?feature=player_embedded&v=cg9bwYIe2vw

Ós rud é gur chríochnaigh na cluichí cáilithe sa tsraith trí seachtaine ó shin, beidh an ocht bhfoireann ag imirt an deireadh seachtaine seo, ag tnúth le coimhlint eile i bPáirc an Chrócaigh. Bhí sé de faoiseamh mór do na foirne i Roinn 2, 3 agus 4 ardú chéime a bhaint amach agus ina dteannta sin beidh roinnt eile thar a bheith sásta isliú céime a sheachaint.
Bhuaigh Corcaigh an babhta níos luaithe sa tsraith sa bhaile ach sílim go mbeidh Na Dubs mar ‘rogha na coitiantachta’ sa choimhlint seo
Is dóigh liom go mbeidh sé soiléir nach bhfuil an brú céanna ar na foirne ná na foirne cóitséala a bheith rathúil mar tá an jab is tábhachtaí déanta. Sin ráite is annamh go dtagann seans glórmhar chun choirn a ardú i gCeann Áras an Chumainn Lúthchleas Gael.
Tugann an tsraith léargas dúinn bliain i ndiaidh bhliain faoi na foirne atá ag tiomáint chun cinn agus ar an taobh eile cuireadh i leath taobh roinnt eile dóibh freisin. Tromluí is ea é gan dabht ach ainneoin an chrá bá chóir dóibh, nach raibh an t-ádh leo, a bheith dóchasach agus úsáid a bhaint as na seachtaine amach rompu ag druidim an chraoibh. Dár ndóigh beidh foirne eile fíorsásta len a bhforbairt go dtí seo agus leanfaidh siad an fhoirmle céanna. Níl aon fhoireann corónaithe mar sheampainí i mí Aibreáin. Bhuel an corn is suntasaí ar a laghad!
Roinn I: Áth Cliath agus Corcaigh
Tiocfaidh na buic móra le chéile i mbuaicphointe an deireadh seactaine Dé Domhnaigh. Mar is amhlaidh chríochnaigh Corcaigh a bhfeachtas ar barr an ghrúpa ach ainneoin an fhiric seo tá scór difríocht i bhfad níos fearr ag na Dubs, dhá phointe is scór níos fearr a bheith cruinn. Le déanaí tá móiminteam ag an mbeirt acu agus bhí a muinín feiceálach in a dtaispeántais sna cluichí leath cheannais cé nár bhuaigh siad go cuimsitheach.
Bhuaigh Corcaigh an babhta níos luaithe sa tsraith sa bhaile ach sílim go mbeidh Na Dubs mar ‘rogha na coitiantachta’ sa choimhlint seo. Tá siad ar thóir a dtríú bonn sraithe as a chéile agus má éiríonn leo smacht a choimeád ar Colm O Neill, an peileadóir is fearr sa tsraith déarfá, beidh a gcuspóir beagnach faighte acu. Sa cluiche leath cheannais i gcoinne Muineacháin, bhí Bernard Brogan agus Rory O Carroll in easnamh agus seans go dtiocfaidh siad ar ais sa bhfoireann. Baineann an bheirt acu úsáid as an liathróid díreach, na tosaithe is contúirtí sa tír i mo mheas fhéin agus measaim go mbeidh sé spleodrach ar fad.
Roinn II: Ros Comáin agus An Dún
Nach bhfuil sé dochreidte a chreidiúint an dul chun cinn atá déanta ag Ros Comáin agus John Evans le dhá bhliain anuas. Éacht inspiorádach ardú chéime a bhaint amach dhá bhliain diaidh i ndiaidh a cheile agus a bheith i measc na foirne is cumasaí agus is fearr sa tír an bhliain seo chugainn. Thabharfadh sé dóchas d’aon pheileadoir ag feidhmiú sna leibhéil is ísle. Dealraíonn sé go bhfuil cothromaíocht na cumhachta athraithe i gCuige Chonnacht ó na seannaimhde Maigh Eo agus Gaillimh agus cibé an struchtúir, córas nó plean nua atá curtha i bhfeidhm acu, ba chóir dúinn sa mhean leibhéal, a bheith ag leanúint a dtreó.
Bhíos den tuairim ag tús na sraithe cé chomh maith is a bhí an Dún ach i ndáiríre ní raibh a n-áit sa cluiche cheannais i mbaol ná i gceist. Sár jab déanta ag Jim Mc Corry in a chéad bhliain mar bhainisteoir
Roinn III: Ard Mhacha agus Fear Manach
Aisteach go leor go bhfuil dá fhoireann as Cúige Uladh sa cluiche cheannais i Roinn a trí agus mar an gcéanna as Cúige Laighean i Roinn 4. Feachtas fíorcompórdach agus cuimsitheach ag an dá fhoireann go dtí seo. Tá a slánaitheoir tágtha abhaile i gcontae Ard Mhacha agus is léir go bhfuil an-mheas acu air a mbainisteoir Kieran Mc Geeney.
Chríochnaigh Fear Manach an tréimhse cáilithe in uachtar an ghrúpa agus caithfidh Ard Mhacha a bheith ar an airdeall. Ní raibh cosantóirí na gcontaetha eile ábalta déileáil le bagairt Sean Quigley agus d’aimsigh sé ceithre chúl, dhá chúilín is dhá scór sa tsraith, an méid is fearr in aon ghrúpa. Is cuimhin liom go maith an coimhlint idir na hUltaigh sa chluiche ceathrú cheannais i 2004. An lá sin cuireadh deireadh le réim Ard Mhacha nuair a bhí siad in a maistrí agus rogha na coitiantachta an corn Sam Mhic Uighir a athghlacadh tar éis a rath i 2002.
Roinn IV: Uíbh Fhailí agus Longfort
Cheapfá go mbeadh an bheirt againn bréan ag imirt i gcoinne a chéile ag an bpointe seo! Dhá chluiche anuraidh agus trí uair i mbliana. Níl sé sin an cás áfach. D’éirigh leo an lámh in uachtar a chur orainn in Uíbh Fhailí, taobh le taobh anuraidh agus sa tsraith cúpla seachtain ó shin agus ba chóir dom a admháil go raibh an bua tuillte acu freisin. Ní bheidh díoltas á lorg againn Dé Sathairn ach an géabh seo ba mhaith linn an scéal a chur i gceart uair éigin. Beidh an bheirt againn ag diriú ár n-aigne agus níor mhaith leis an mbeirt againn laige a thaispeáint don fhreasúra.