AN PEILEADOIR SOISIR – A SHEAL TUGHTHA?

An Peileadoir Soisir – A Sheal Tughtha?

 Le Mártan Ó Ciardha

Cén seans atá ag peileadóir a imríonn le club sóisearach áit a bhaint amach ar fhoireann shinsear a chontae agus imirt i gCraobh na hÉireann leo? Seans thar a bheith caol, más aon slat-tomhais na foirne a chuaigh chun páirce cúpla seachtain ó shin i mbabhtaí ceathrú ceannais na blianta seo.

Eisceachtaí ar ndóigh iad Ciarraí agus Corcaigh. Tá sé de pholasaí acu siúd le fada go mbeadh deis ag gach peileadóir imirt i gcraobh shinsear an chontae, ach é a bheith maith a dhóthain. Déantar sin trí sheans a thabhairt d’imreoirí as clubanna ar foirne sóisireacha nó idirmheánach iad a bpríomh-fhoirne imirt i gCraobhacha Sinsireacha Chorcaigh agus Chiarraí leis na foirne dúiche.

Má chaitheann tú súil ar fhoireann Chiarraí a fuair an bua ar Ghaillimh i bPáirc an Chrócaigh le gairid feicfidh tú gur le clubanna sóisearacha a imríonn ceathar acu siúd a bhí istigh ag tús na himeartha: Shane Enright (Tairbeart), Killian Young (An Rinn Aird), Anthony Magher (Dubháth) agus Donnchadha Walsh (An Cromán), ach bíonn deis imeartha i gCraobh Shinsear Chiarraí acu siúd le Deisceart agus Lár Chiarraí, Raonaithe na Féile agus na Sionna.

Bhí triúr peileadóir as clubanna sóisearacha ar fhoireann Chorcaigh a chuaigh chun páirce sa mbabhta ceathrú ceananais in aghaidh Mhaigh Eo; Brian agus Colm O’ Driscoll as Cumann Thaidhg Mhic Carthaigh agus Colm Ó Néill as Baile Cloch, ach arís tá deis imeartha acusan i gCraobh Shinsear Peile Chorcaigh le Raonaithe Chairbre agus le hAbhainn Dhubh.

Seachas sin, ní léir dom go raibh aon imreoir sóisireach ar an bpáirc ag Áth Cliath, Maigh Eo, Gaillimh, Ard Mhacha ná Muineachán ná ag Dún na nGall nuair a thosaigh na cluichí ceathrú ceannais inar imir siad féin.

Bhí beagán imreoirí a imríonn do chlubanna idirmheánacha acu ar fad ceart go leor, ach amháin ag Dhún na nGall. Is dá leithéid de chlub idirmheánach – Fingallians, a imríonn Paul Flynn, a bhí ar an bpáirc ag curaidh na bliana seo caite nuair a bhuaigh siad ar Mhuineachán, ach is eisean an t-aon duine as an bpainéal iomlán 26 imreoir atá ag Áth Cliath nach as club sinsear dó.

Imreoirí as clubanna sinsearacha ar fad a bhí ar an bpáirc ag Dún na nGall nuair a thosaigh an cluiche ceathrú ceannais s’acu féin in aghaidh Ard Mhacha – ar bhinse na n-ionadaithe tá beirt acu as grádanna eile, Darach O’ Connor as Bun Cranncha (Idirmheánach) agus David Walsh as Naomh Bríd (sóisear).

Bhí beirt nó triúr a imríonn sa ghrád idirmheánach istigh ón tús ag Ard Mhacha sa chluiche sin, mar a bhí ag Gaillimh, Muineachán agus ag Maigh Eo, ach cé is móite do David Walsh, is dóigh liom gur iad na hionadaithe John O’ Brien as an gClochán (Gaillimh) agus Brendan Harrison as Achadh Mór (Maigh Eo) amháin a imríonn do chlubanna sóisireacha.

Ardaíonn sin dhá cheist. An bhfuil sé riachtanach do pheileadóirí sinsearacha idir-chontae an lae inniu a a bheith ag imirt do chlubanna sa ghrád céanna ? Nó an amhlaidh go bhfuil iomarca clubanna sinsearacha anois i ngach contae?

32 foireann peile a bhí san iomaíocht an bhliain seo caite i gCraobh Shinsear Peile Áth Cliath, ceantar ina bhfuil daonra 1.25 milliún – sin foireann in aghaidh gach 40,000 duine nó mar sin. Ach tá 12 foirne sinsir i Liatroim agus i Longfort agus gan fiú 40,000 duine ar fad sna contaetha sin agus 20 i nGaillimh (daonra 250,000). Anois, caithfear glacadh leis gur dá mhéid é daonra contae is fearr an caighdeán sport a chleachtfar ann ag an leibhéal is airde. Mar sin, ar chóir do chontaethe eile a bheith ag smaoineamh ar laghdú a dhéanamh ar an líon clubanna sinsir peile atá acu féin ?

Sáite san aragóint seo ar fad ar ndóigh tá cuid den tuairimíocht atá á nochtadh le tamall anois maidir leis an míchothromaíocht atá idir Áth Cliath agus contaetha eile na tíre ó thaobh daonra agus maoine go háirithe chomh fada agus a bhaineann sé le foireann an chontae. An tseachtain seo féin dúirt bainisteoir Dhún na nGall, Jim McGuinness nach iontas an chuid eile den tír a bheith faoi imní gur ag méadú atá agus a bheidh an bhearna atá idir na Dubs agus an chuid eile de na foirne. Teacht a bheith ag foireann Jim Gavin ar acmhainní a fhágann go bhfuil ar a gcumas úsáid níos mó a bhaint as an eolaíocht-spóirt is nua-aimseartha a bhaineann le aclaíocht, oiliúint agus cothú (nutrition) a bhí i gceist aige. Nuair a tháinig an éagothroime chéanna chun cinn cúpla bliain ó shin, moladh Áth Cliath a roinnt ina dhá leath, socrú gur bheag glacadh a bhí leis sa chontae sin, ní nach ionadh.

Ar shlí amháin aragóint tháinisteach is ea í sin nuair is í an cheist atá curtha ná an bhfuil lá an pheileadóra shóisir thart. Fear ar fiú aird a thabhairt ar a thuairim is ea Dara Ó Cinnéide, iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, láithreoir Seó Spóirt ar TG4, agus fear a d’imir i gCluichí Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh lena chontae agus lena chlub. Ar éirí as dó bhí sé gníomhach mar oifigeach ina chlub féin agus atá anois ar Choiste de chuid CLG i gCiarraí a bhfuil sé de aidhm acu feabhas a chur ar chraobhacha peile an chontae sin agus iad a dhéanamh níos tarraingtí don imreoir agus don lucht féachana.

Ní chreideann an Cinnéideach go bhfuil deireadh le ré an pheileadóra sóisir. “Níl an lá san tagtha agus tá súil agam nach dtiocfaidh sé go deo. Cé go bhfuil buntáiste áirithe ag an té a bhíonn ag imirt coitianta i ngrád na sinsear lena chumann, nuair a thagann sé go dtí an gcluiche eadar-chontae cuirtear oiliúint ar imreoirí chun na bun-scileanna a chur i bhfeidhm ag an luas atá riachtanach don leibhéal sin. Dá réir sin, pé drochnósanna a bheadh ag imreoir sóisir ag eascairt as bheith ag imirt ag leibhéal níos ísle lena chlub, bheidís ruaigthe faoin dtráth go mbeadh tréimhse áirithe caite aige istigh le foireann sinsir contae.

B’fhéidir go mbeadh sé níos diocra ar imreoir sin i gcontae fairsing le daonra an-mhór teacht chun cinn agus aitheantas a bhaint amach dó féin ach leis an dtuairisciú go léir a deintear ar gach cluiche anois ar na meáin thraidisiúnta agus ar na meáin shóisialta, ní bheadh air fanacht ró-fhada chun aird a tharrac air féin. B’fhéidir gur b’é an rud atá ag tarlú i gcontaetha áirithe ná go bhfuil cinneadh á dhéanamh ana luath sa tsaol ag imreoirí, dul ag imirt le foirne atá agus a bheidh ag imirt ag leibhéal sinsir chun deis níos fearr a thabhairt dóibh féin imirt ag leibhéal níos airde. Seachnaítear é seo i gCiarraí le riail an pharóiste, le dilseacht don gcumann dúchais agus le structúr na craoibhe contae, a bhfuil sé mar bhun aidhm i bprionsabal aige deis imeartha i gcraobh shinsir an chontae a thabhairt don uile imreoir.”

Maidir le líon na bhfoirne sinsir, deir Dara. “Is dóigh liom féin gur 16 foireann an líon ceart toisc go dtugann sé deis do bhoird contae éagsúla a gcraobh a reachtáil ar bhonn 16/8/4/2/1, nó ar bhonn sraithe má bhraitheann siad go bhfuil an t-am, an t-éileamh agus an toil ann chuige.Tá seans nach mbeidh caighdeán na peile sa chraobh i gcontae Liatroma ar chomh-chéim leis an gcaighdeán, mar shampla, i gcontae na Gaillimhe, ach ní ciallaíonn san nach mbeadh ar chumas churaidh Liatroma buachtaint ar churaidh na Gaillimhe in aon bhliain ar leith. Léiriú maith ar seo, caighdeán churaidh Cheatharlach ins na 90-aí nuair a bhí Éire Óg i réim.”