An lá a bhuaigh Ciarraígh Sam d’Áth Cliath:

MoranDavid_CooperJonny2015le Pádraic Ó Ciardha (Tuairisc.ie)
Rud amháin atá cinnte is ea nach mbeadh lucht leanúna na Ríochta ag iarraidh go dtabharfadh Ciarraíoch ar bith an cúnamh céanna do bhua d’Átha Cliath agus a tugadh i 1942.
An Domhnach beag seo, tabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann, an chéad caibidil eile i gceann de na coimhlintí is stairiúla sa Chumann Lúthchleas Gael.
Agus muid ag druidim i dtreo an chluiche ceannais, tá an cath i lár na páirce ar cheann de na háiteanna a bhfuil daoine ag díriú isteach air agus Áth Cliath ag iarraidh stop a chur le Anthony Maher agus, go háirithe, David Moran, a raibh sár bhliain acu go dtí seo.
Mar a tharlaíonn sé, imríodh cluiche ceannais 1942 ar an lá ceannann céanna le cluiche na bliana seo, an 20 Meán Fómhair, agus sa choimhlint 73 bhliain ó shin, d’imir beirt Chiarraíoch ar fheabhas i lár na páirce don fhoireann buacach. Aisteach an rud é, ní don Ríocht a bhí siad ag imirt ach d’Áth Cliath agus duine acu, Joe Fitzgerald, mar chaptaen nuair a bhuadar ar Ghaillimh sa chluiche ceannais.
Chuir an bua deireadh le gorta 19 mbliain d’Áth Cliath sa chraobh peile agus, ní amháin sin, ach thug sé cothrom iad le Ciarraí ó thaobh líon na gcraobh a bhí buaite acu, 15 an taobh.
Rugadh JoeFitzgerald i gCorca Dhuibhne i gcontae Chiarraí ach thug sé aghaidh ar Áth Cliath agus é ag filleadh ar ionad traenála na nGardaí sa chathair. Dar ndóigh, leis an gcóras iompair a bhí ann ag an am, ní bheadh Fitzgerald in ann filleadh ar ais ar a fhód dúchais chun dul i mbun traenála le Ciarraí agus mar sin, shocraigh sé imirt le Áth Cliath.
Agus é ag imirt do chumann na nGearaltach sa phríomhchathar, thugadar craobh an chontae leo trí bhliain as a chéile i 1940, ‘41 agus ‘42, rud a chiallaigh go raibh sé mar chaptaen ar fhoireann Átha Cliath do chraobh na bliana 1942.
Bhí ról lárnach aige sa chluiche ceannais agus Áth Cliath ag teacht ar ais sa dara leath tar éis dóibh a bheith trí phointe chun deiridh ag leath-ama. Bhuadar é ar deireadh le dhá phointe, 1-10 i gcoinne 1-8, agus ba é an tríú chluiche ceannais as a chéile a bhí caillte ag na Gaillimhigh, Ciarraí ag buachan orthu i 1940 agus ‘41.
Mar chomhghleacaí ag Fitzgerald i lár na páirce i gcluiche ceannais 1942 bhí fear eile as Iarthar Chiarraí, Mick Falvey, a rugadh sa Daingean. Dála Fitzgerald, ba cúrsaí oibre ba chúis le Falvey é féin a bheith curtha faoi in Áth Cliath agus é ag obair sa stáitseirbhís.
I 1944 bhuaigh an bheirt acu, Fitzgerald agus Falvey, craobhacha contae. Bhí Fitzgerald bogtha ar ais chuig iarthar Chiarraí faoin am seo agus é ag imirt a chuid peile leis an Daingean, ach bhí Falvey fós ag imirt d’fhoireann na stáitseirbhíse agus craobh eile de chuid Átha Cliath buaite aige leo, taobh le imreoir Chorcaí agus an fear a bheadh ina Thaoiseach ina dhiaidh sin, Jack Lynch.
Níos dochreidte fós, bhí an tríú imreoir as iarthar Chiarraí ag imirt i lár na páirce i gCluiche Ceannais sin 1942 ach geansaí na Gaillimhe air, fear Dhún Chaoin Dan Kavanagh, é ina mhacléinn ollscoile ansiúd. San achar a chaith Kavanagh i mbun imeartha do Ghaillimh agus do Chiarraí, ghlac sé páirt i gcúig chinn de chluichí ceannais na hÉireann, an cluiche idir Ciarraí agus Cabhán i Nua Eabhrach i 1947 ina measc.
Chun an nasc idir na foirne agus na himreoirí seo uile a dhéanamh níos láidre, phós Joe Fitzgerald deirfiúr Kavanagh agus tá fiú ceangail acu le foireann Ciarraí i mbliana. Is uncail é Kavanagh do Seán Wash, a bhuaigh seacht gcinn de boinn Uile-Éire leis an Ríocht sna 70idí agus 80idí agus a bhfuil a mhac, Tommy, mar chuid de phainéal Éamonn Fitzmaurice arís i mbliana. Chomh maith leis sin ba sean-uncail le Aodán Mac Gearailt a bhuaigh boinn chraoibhe le Ciarraí i 2000 agus i 2006 é Joe Fitzgerald.
Chun léiriú díreach a thabhairt ar cé chomh coitianta a bhí sé ag imreoirí athrú ó chontae amháin go contae eile ag an am bhí Ciarraíoch eile ag imirt do Ghaillimh i gcluiche ceannais na bliana 1942, Jackie Flavin, a bhí ar fhoirne Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1937 agus bhuaigh arís é an bliain dár gcionn, ach é anois ag imirt do Ghaillimh i gcoinne Chiarraí i 1938.
Ba é an scéal céanna le Bobby Beggs. Ó na Sceirí ó dhúchas, bhuaigh sé Craobh na hÉireann ar dtús le Gaillimh i 1938 sular sháraigh sé iad agus é ag imirt d’Áth Cliath i 1942.
Dar ndóigh,ar chúiseanna éagsúla, ní fheiceann muid an rud céanna ag tarlú chomh minic níos mó , ach rud amháin atá cinnte is ea nach mbeadh lucht leanúna na Ríochta ag iarraidh go dtabharfadh Ciarraíoch ar bith an cúnamh céanna do bhua d’Átha Cliath agus a tugadh i 1942.